Club Gaeilge – 6 Sráid Fhearchair – Baile Átha Cliath 2 – www.anclub.ie

Ballraíocht

Ar mhaith leat a bheith i do bhall de Chlub Chonradh na Gaeilge? Faoi láthair tá os cionn 160 ball ag an gClub.

Cén fáth ballraíocht?

Má chláraíonn tú mar bhall de Chlub Chonradh na Gaeilge, beidh neart pribhléidí agat:

Conas a ghlacfaidh mé ballraíocht?

Ní gá duit ach an fhoirm thíos (ar fáil mar PDF) a líonadh isteach agus an táille ballraíochta a íoc (féach leat mionsonraí.)

foirm ballraiochta

PDF icon
Íoslódáil an Fhoirm Ballraíochta.


Mionsonraí

Léigh na mionsonraí thíos, sula leanann tú ar aghaidh leis an gclárú, le do thoil.

Tá mé ag clárú den chéad uair

Má tá tú ag clárú den chéad uair, ní mór duit moltóir agus cuiditheoir ar baill den Chlub iad a bheith agat ar dtús. Ansin is féidir leat d'iarratas ballraíochta a chur isteach ag Club Chonradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2, Éire.

Tábhachtach: Ní ghlacfaimid le hiarratais ó dhaoine anaithnide agus ní féidir clárú ar líne. Caithfidh tú a bheith ar a laghad 18 mbliain d'aois chun a bheith i do bhall de Chlub Chonradh na Gaeilge.

Tá mé ag athchlárú

Má tá tú ag athchlárú, ní gá duit ach an fhoirm ballraíochta a líonadh isteach agus í maille leis an táille ballraíochta a chur isteach ag Club Chonradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2, Éire.

Táille ballraíochta

€50 in aghaidh na bliana an ghnáth-tháille ballraíochta.
€20 in aghaidh na bliana an táille do na daoine seo a leanas: mic léinn, pinsinéirí agus dífhostaihe.

Bailíocht Ballraíochta

Maireann an bhallraíocht feadh bliana. Tar éis sin ní foláir duit athchlárú chun fanacht i do bhall. Má chláraíonn tú go dtí an 31.10., beidh tú cláraithe mar bhall sa bhliain chéanna. Tar éis an dáta sin (.i. ó 1.11. ar aghaidh), beidh tú cláraithe mar bhall don bhliain dár gcionn.