Fáilte go dtí an Club
Is beár lán-Ghaeilge é Club Chonradh na Gaeilge atá lonnaithe in íoslach fhoirgneamh stairiúil Chonradh na Gaeilge ag 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2, cúpla méadar ó Fhaiche Stiabhna. Is áit iontach é an Club chun cúpla deoch a ól i measc ceol agus comhluadar gaelach den chéad scoth. Má tá pionta blasta agus comhrá maith i nGaeilge uait, buail isteach, beidh céad míle fáilte romhat!
Bíonn réimse leathan imeachtaí ar siúl sa Chlub a bhaineann le saol na Gaeilge, ar nós seisiún ceoil, ceolchoirmeacha, oícheanta sean-nóis, oícheanta cultúir agus neart rudaí eile.
Imeachtaí atá ag teacht aníos
- SATHARN28
RINCE AR AN SEAN-NÓS
10rn - 4.30in, Dé Sathairn, 28 Eanáir. Tuilleadh eolais: www.feisnangael.com - SATHARN28
FEIS NA nGAEL
Dé Sathairn, 28 Eanáir. 9i.n. Tuilleadh eolais: www.feisnangael.com - MÁIRT31
OÍCHE NA MAC LÉINN
Craic agus Ceol do Mhic Léinn. 21.00 (Doirse 20.00) €3/€0 (baill)




Logáil Isteach

